Fáilte chuig an suíomh gréasáin de chuid Corcaigh Inné is Inniu

Dá mba rud é gur mhaith leat breis eolais a fháil ar an stair a bhaineann le cathair Chorcaí nó an saolréim sóisialta agus cultúrtha i gCorcaigh, ba cheart duit amharc a thabhairt ar an suíomh gréasáin de chuid Corcaigh Inné is Inniu i dtús báire. Is cuma cibé an bhfuil tú ag brabhsáil nó ag déanamh roinnt taighde níos doimhne, tá go leor anseo a bheidh mar díol spéise duit. Féach ar raidhse léarscáileanna de Chorcaigh i gcaitheamh na gcéadta, agus roinnt grianghraf ó amanna níos déanaí. Déan taiscéaladh ar liosta dátheangach na mbailte fearainn agus na sráideanna sa chathair agus ina phurláin; bain úsáid as an suíomh gréasáin mar phointe tosaithe le haghaidh fiosrúcháin i leith stair theaghlaigh; nó bain úsáid as mar gheata chuig an iomaí institiúid cultúrtha atá i láthair sa chathair nua-aimseartha, trí na naisc atá tugtha le chéile dod’ áisiúlacht. Tá Corcaigh Inné is Inniu mar sheirbhís de chuid Leabharlanna Cathrach Chorcaí, a leanfaidh ar aghaidh ag leathnú agus ag forbairt an suíomh seo.

Fuller's Lane

Lána Mhic an Úcaire, limistéar Bhóthar na Bandan

Tabhair cuairt ar ár gCatalóg, lena n-áirítear innéacs áitiúil i leith nuachtáin/tréimhseacháin.

 

Sa bhreis ar sin is féidir leat cuairt a thabhairt ar an suíomh ginearálta de chuid Leabharlanna Cathrach Chorcaí trí chliceáil ar an lógó ‘Libraries Leabharlanna’ inairde ar chlé ar aon leathanach gréasáin de chuid Corcaigh Inné is Inniu.

Imeachtaí Cultúrtha

Is cathair í Corcaigh ina bhfuil pobal ealaíonta beoga agus ilghnéitheach, agus oidhreacht chultúrtha fíorspéisiúil. »

Ginealas

Sa chuid seo gheobhaidh tú treoir i leith conas do stair theaghlaigh a chuardach, liosta de na foinsí le haghaidh taighde ginealais i Leabharlanna Cathrach Chorcaí, agus go leor eile. »

Stair Áitiúil

Cuimsíonn roinn an Léinn Áitiúil réimse leathan ábhar ar an stair, tíreolaíocht, seaniarsmaí, seandálaíocht, seanchas agus cultúr a bhaineann le cathair agus contae Chorcaí. »

Cad atá nua?

  • 15/07/08
    Tá an t-asitriúchán a rinne Séamus Ó Coigligh ar Our Friend Ethel Lilian Boole/Voynich ar fáil ar bhonn digiteach anois trí chatalóg ar líne na leabharlainne
  • 10/01/08
    Anois is féidir leat féachaint ar na céadta íomhánna ar líne, de Chorcaigh ach go háirithe, trínár gCatalóg a chuardach.
  • 21/11/06
    Ar 21 Samhain 2007, sheol Leabharlanna Cathrach Chorcaí leagan athchlóite de The story of Cork de chuid Seán Beecher, beannacht Dé lena anam, agus é feabhsaithe ag learáidí de chuid ealaíontóir clúiteach Chorcaí, William Harrington.

Déan Teagmháil Linn

Leabharlanna Cathrach Chorcaí,
57-61 Sráid an Chapaill Bhuí,
Corcaigh
Guthán: 021 4924900
Facs: 021 4275684
R-phost: corkpastandpresent@corkcity.ie